Seán F. Lemass
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ord: | 3ú Taoiseach | |
I Bhfeidhmeannas ó: | 23 Meitheamh, 1959 - 10 Samhain, 1966 | |
Réamhtheachtaí: | Eamon de Valera | |
Comharba: | Seán Ó Loingsigh | |
Dáta Breithe: | 15 Iúil, 1899 | |
Áit Breithe: | Baile Átha Cliath, Éire | |
Dáta Báis: | 11 Bealtaine, 1971 | |
Áit Bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
Gairm: | Polaiteoir | |
Páirtí Polaitaíochta: | Fianna Fáil |
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtas na hÉireann) idir 1959 agus 1966.
[athraigh] Saol
Rugadh Seán Francis Lemass i 1899 i mBaile Átha Cliath. Agus é in ógánach ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aois. Bhí sé gníomhach freisin i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922. Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 agus bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le Eamon de Valera agus comhgheacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an Chogadh agus i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959). I 1959 toghadh mar Thaoiseach é. Sa ré sin bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus chonacthas feabhas mór san eacnamaíocht. Thug sé cuairt tábhachtach ar Terence O'Neill, Príomhaire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán. D'éirigh sé as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. D'éag sé i 1971.
Tánaistí na hÉireann |
||
Seán T. Ó Ceallaigh | Seán F. Lemass | William Norton | Seán Mac an tSaoi | Proinsias Mac Aogáin | Erskine Childers | Brendan Corish | Seoirse Ó Colla | Michael O'Leary | Ray MacSharry | Dick Spring | Peter Barry | Brian Lenihan | John P. Wilson | Parthalán Ó hEachthairn | Máire Ní Áirne | Mícheál Mac Dubhghaill |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.