Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Taoiseach Gaelach a mhair sa 17ú haois ab ea Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh (Roderick O'Flaherty as Béarla). Ba é an taoiseach deiridh a bhí ar chlann Uí Fhlaithbheartaigh, agus bhí cónaí air gar don bPáirc in Iar-Chonnacht. Tógadh a chuid tailte uaidh in aimsir Chromail i 1653, agus mar gheall air sin agus na Péindlíthe fágadh beo bocht é don chuid eile dá shaol. Bhí cnuasach de shean-cháipéisí aige uair, ach ní fios arb éigin dó iad a dhíol nó conas ar chaill sé iad ar deireadh.
Cuimhnítear inniu air óna chuid scríbhneoireachta. Ba é an chéad scoláire Gaelach ar foilsíodh a chuid saothar i Londain Shasana. Tugann "Ogygia" agus "Iar-Chonnacht" (féach thíos don teideal iomlán) stóras mór de stair agus de thraidisiúin Chúige Chonnacht dúinn. Pléann Ogygia le fabhail, go háirithe an ceangal a dhéanann Plútarc le stair na hÉireann. Déanann se samhail d’Éireann, atá laistiar den mBreatain, don oileán sa bhfabhal Gréigeach a gcaitheann Odysseus seal ann le Calypso. Deir Plútarc go ndeachaidh Earcail go hÉireann agus gur chaith sé seacht mbliana i bpluais ann. Tugann "Ogygia" cuntas dúinn ar stair na hÉireann i gcoitinne ón Díl ar aghaidh, agus meastar ar na foinsí is tábhachtaí ar stair na tíre é, maraon le saothar Sheathrúin Chéitinn agus na gCeithre Maistrí.
Tá cur síos cuimsitheach ar Iar-Chonnacht maraon le cuid mhór de chúige Chonnacht in "A Chorographical Description of West or h-Iar Connaught", a céadfoilsíodh i Londain i 1684. Athfhoilsíodh "Iar-Chonnacht" i 1848, agus tá fáil air freisin anois ar an ngréasán.