Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Seathrún Céitinn - Vicipéid

Seathrún Céitinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir agus sagart a mhair sa 17ú haois ab ea é Seathrún Céitinn. Tugtar Geoffrey Keating air as Béarla chomh maith. Rugadh i gCathair Dhúin Iascaigh i gContae Thiobraid Árann é sa bhliain 1580, agus fuair sé bás sa bhliain 1644. Sagart a bhí ann a chuaigh ag staidéar i mBordeaux agus ar bronnadh dochtúireacht air ansin. I ndiaidh dó dintiúirí an diagaire a bhaint amach, d'fhill sé ar Éirinn agus chaith sé an chuid ab fhearr dá shaol ina shagart agus ina fhear léinn i gCúige Mumhan. Tá sé ar duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i stair litríocht na Gaeilge. Bhí sé faoi thionchar an Fhrithreifirméisin agus an Renaissance, i ndiaidh dó aithne a fháil ar an léann comhaimseartha Caitliceach sa Mhór-roinn. Thuig sé go raibh saíocht agus seanchas na nGael faoi bhagairt an bháis, agus an aicme a thugadh urraíocht do na filí ag imeacht go tiubh agus ag géilleadh do bhrú na nGall. Mar sin, chinn sé ar léann traidisiúnta na nGael agus a ndearcadh féin ar stair na hÉireann a bhailiú in aon mhórshaothar amháin, mar atá, Foras Feasa ar Éirinn.

Go dtí sin, bhí Gaeilge na staraíochta an-doléite ag an ngnáthléitheoir, rud a thuill cuid mhaith tarcaisne do na staraithe ó na filí, agus iad ag fáil lochta ar an mbréagársaíocht i dteanga na staraithe. Bhí caighdeán teanga na bhfilí, ceart na bhfileadh, sách difriúil le caint na ndaoine, ach má bhí féin, bhí sé ag athrú agus ag tabhairt airde ar na forbairtí comhaimseartha de réir mar a cheadódh an traidisiún. Nuair a scríobh Céitinn an Foras Feasa, rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus suáilce na líofachta agus na soiléireachta a chleachtadh. San am céanna, chloígh sé go daingean le caighdeán comhaimseartha na teanga a bhí ábhairín ársa lena linn féin. Scríobh sé an Foras i dteanga líofa na bhfilí, rud nár thabhaigh moladh na staraithe Gaelacha eile dó, nó bhí siad den tuairim go raibh an teanga róshimplí.

Mar sin féin, chinntigh a stíl áit thábhachtach dó i gcanóin litríochta na Gaeilge. Nuair a thosaigh athbheochan na Gaeilge i ndeireadh na naoú haoise déag, b'í Gaeilge an Chéitinnigh an chéad chaighdeán a roghnaíodh, agus teangeolaithe agus lucht léinn ar nós Risteard de Hindeberg ag moladh a mháistreacht stíle go hard na spéire. Ní raibh fad saoil i ndán do na hiarrachtaí Gaeilge an Chéitinnigh a athbheochan, nó nuair a tháinig an crú ar an tairne, bhí an lá leis an Athair Peadar Ua Laoghaire agus lucht a leanúna, agus iad den tuairim gur chóir caighdeán na Gaeilge athbheoite a bhunú ar chaint na ndaoine.

Amach ón bhForas Feasa, chum Seathrún Céitinn roinnt dánta, ar nós Óm sceol ar ardmhagh Fáil agus A Bhean lán de Stuaim, agus scríobh sé saothair dhiaga, cosúil le Trí Bhior-ghaoithe an Bháis.

[athraigh] Nasc seachtrach

I dteangacha eile
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com