Ronaldinho
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is imreoir sacair gairmiúil é Ronaldo de Assis Moreira (rugadh 21 Márta, 1980), a bhfuil aithne níos fearr air mar Ronaldinho Gaúcho. Ciallaíonn Ronaldinho Ronaldo Beag as Portaingéilis. Tugadh an leasainm sin dó chun idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus imreoir Braisíleach clúiteach eile, Ronaldo, a bhí ag imirt don chlub Iodáileach F.C. Internazionale ag an am. Is leasainm é Gaúcho do dhaoine óna cheantar sa Bhrasaíl, an Rio Grande do Sul.
Imríonn sé faoi láthair do F.C. Barcelona agus deirtear gurb é an peileadóir is fearr é ar domhan anois.