Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Ré na Fionnachtana - Vicipéid

Ré na Fionnachtana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar Ré na Fionnachtana ar an tréimhse ón chéad leath den chúigiú haois déag go dtí an chéad leath den tseachtú haois déag. Sa tréimhse seo, bhí longa na hEorpa ag taisteal timpeall an domhain ar lorg bealaí agus páirtnéirí nua trádála leis an gcaipitlíochas a choinneáil ag imeacht san Eoraip. Agus an obair idir lámhaibh acu, casadh náisiúin nua ar na hEorpaigh, agus mhapáil siad tíortha nach raibh siad eolach orthu roimhe sin. I measc thaiscéalaithe móra na linne, ní mór na hainmneacha seo leanas a lua: Críostóir Colóim, Vasco da Gama, Pedro Álvares Cabral, John Cabot, Yermak Timofeyevich, Juan Ponce de León, Bartolomeu Dias, Fernão de Magalhães, Willem Barentsz, Abel Tasman, Jacques Cartier, Samuel de Champlain, Willem Jansz, agus an Captaen James Cook.

Ní fhéadfaí na turasanna taiscéalaíochta a dhéanamh ná na fionnachtana a dhéanamh in uireasa na nuálacha teicneolaíochta agus smaointeachais a fáisceadh as an Renaissance. Bhí forbairt mhór déanta ar an léarscáilíocht, ar an loingseoireacht, ar na hairm thine agus ar an longcheártaíocht. Theastaigh óna lán daoine bealach a aimsiú ó Iarthar na hEorpa go dtí an Áise. Ansin, forbraíodh longa de chineálacha nua, an carrac agus an carbhal, san Ibéir. Tháinig na haireagáin seo ar an bhfód de thoradh na teagmhála idir dearthaí Eorpacha na Meánaoiseanna agus na cineálacha long a bhí ag na hArabaigh. Roimh na carracaí agus na carabhail, ní raibh longa ann a d'fhéadfadh seoltóireacht a dhéanamh thar an Atlantach go sábháilte.

[athraigh] Taiscéalaíocht ar Tír

Sular thosaigh Ré na Fionnachtana, bhí taiscéalaithe Eorpacha ann a thrasnaigh an Eoráise faoi dheireadh na Meánaoiseanna. Cé gur bhagair na Mongólaigh ródach agus éirleach ar an Eoraip, b'iad ba mhó a nasc an Eoráise le chéile, agus an gréasán de bhealaí móra agus línte cumarsáide a chruthaigh siad ag síneadh ón Meán-Oirthear go dtí an tSín féin. Ghlac Eorpaigh áirithe buntáiste ar na bealaí seo le turas a thabhairt ar thíortha an Oirthir, Iodálaigh ba mhó, ó b'iad na cathairstáit Iodálacha a bhí i gceannas ar an tradáil idir an Eoraip agus an Meán-Oirthear. An caidreamh dlúth a bhí acu le hOirthear na Meánmhuire, chothaigh sé fiosracht ina measc, ar chúiseanna tráchtála freisin, i leith an Oirthir. Thairis sin, theastaigh ón bPápa iompaithigh nua a fháil sna tíortha coimhthíocha, sin nó teacht i dteagmháil le Seán Sagart, an rí a raibh na scéalta móra á n-insint faoi.

Bhí Giovanni de Plano Carpini ar an chéad taistealaí den chineál seo. Thug sé turas ar an Mongóil sna blianta 1244-1247. Chuala an saol ar fad iomrá ar thuras Marco Polo, áfach. Thaistil seisean an Cian-Oirthear sna blianta 1271-1295. Chuir sé a chuid eachtraí i míotar, agus chuaigh an scéal ar fud na hEorpa.

Thóg sé tamall ama sular thosaigh torthaí na dturasanna seo ag imirt a dtionchair ar shaol na hEorpa. Thit an tóin as Impireacht na Mongólach go gairid i ndiaidh di teacht ar an bhfód, agus d'éirigh bealach mór an Oirthir ní ba dainséaraí arís. Sa cheathrú haois déag, rinne an Phlá Mhór praiseach den tradáil agus den chaidreamh idirnáisiúnta go léir. Bhí an bealach tíre rófhada agus ró-aistreánach le tráchtáil éadálach a cheadú, agus bhí sé faoi shúil na Muslamach, a raibh cogaí móra curtha acu ar na hEorpaigh, ionas nach raibh mórán muiníne acu siúd astu, ná a mhalairt. Ansin, tháinig Impireacht nua Ioslamach ar an bhfód, is é sin, an Impireacht Otamánach, agus í meáite ar ghabháltais a dhéanamh, rud a bhain tuilleadh de sheansanna tradála na nEorpach san Oirthear.

Bhí iarrachtaí den chineál chéanna ar siúl sa tSín freisin. Sna blianta 1405-1433, thug loingeas an aimiréil mhóir Shínigh, Zheng He, seacht dturas ar fud an Aigéin Indiaigh. Níor thosaigh an tSín ag bunú coilíneachtaí impiriúla sna tíortha cúil, áfach, agus mar sin, ní raibh impireacht dhomhanda ag na Sínigh riamh.

[athraigh] An Phortaingéil ag cromadh ar an taiscéalaíocht

Nuair a tháinig an chéad charrac agus an chéad charabhal in úsáid, thosaigh na hEorpaigh ag caint ar iontais an Chian-Oirthir arís. Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal, áfach, cén fáth, i ndiaidh an iomláin, ar thosaigh an taiscéalaíocht, dháiríre. Creideann na monataraithe, thar aon dream eile, gurbh é an géar-easnamh óir agus airgid ghil a shocraigh an scéal. Bhí córas eacnamaíoch na hEorpa ag brath ar an ór agus ar an airgead geal, ach nuair nach raibh an buillean ar fáil sách flúirseach, d'fhan cuid mhór de na tíortha Eorpacha in abar leis an ngéarchéim eacnamaíoch. Cúis eile ab ea é go raibh Críostaithe Leathinis na hIbéire sáite i síorchogaíocht leis na Muslamaigh leis na céadta bliain. Bhí Críostaithe na hIbéire géarbharúlach nach dtiocfaidís slán as sin ach a bheith ábalta cliathán na stát Muslamach i dTuaisceart na hAfraice a scoitheadh. San am céanna, bhí go leor foghlamtha ag na hIbéaraigh óna gcuid comharsana Arabacha. Bhí an carrac agus an carbhal feistithe leis an seol laidineach, aireagán Arabach a rinne na longa ní b'fhusa le stiúradh. Rud eile fós, b'ó na hArabaigh a fuair na hEorpaigh an chéad radharc ar thorthaí na sean-tíreolaithe Gréagacha le fada, agus ansin, tháinig tuiscint nua acu ar chosúlacht na hAfraice agus na hÁise.

B'é an Prionsa Annraoi Loingseoir a chuir tús leis an chéad mhórbhabhta taiscéalaíochta sa Phortaingéil. Tháinig na mairneálaigh Phortaingéalacha ar Oileáin Madeira sa bhliain 1419, agus sa bhliain 1427, casadh Oileáin Azores orthu. Iompaíodh an dá oileánra seo ina gcoilíneachtaí Portaingéalacha. B'é cósta thiar na hAfraice an chloch ba mhó ar phaidrín Annraoi, áfach. Leis na cianta cairbreacha, ní fhéadfá tradáil a dhéanamh le hIarthar na hAfraice ach turas a dhéanamh trasna na Sahára. B'é oighear an scéil sin go raibh na bealaí tríd an tSahára faoi smacht na stát Muslamacha i dTuaisceart na hAfraice, arbh iad seanchéilí iomaíochta na Portaingéile iad. Bhí na Portaingéalaigh ag iarraidh teacht timpeall na Muslamach agus a gcuid tradála a dhéanamh bealach na farraige. Bhí siad dóchasach, freisin, go bhfaighfeadh siad stáit Chríostaí taobh theas den tSahára, stáit a bheadh ina gcomhghuaillithe acu in éadan na Muslamach. Bhí na loingseoirí Portaingéalacha in ann teacht ar aghaidh beag ar bheag, agus iad ag ascnamh cupla míle ó dheas in aghaidh na bliana. Sa bhliain 1434, tháinig siad thart le Rinn Bojador. Roimh imeacht an chéad scór bliain eile, bhí tradáil bheoga óir agus sclábhaithe ar obair ag na Portaingéalaigh leis na críocha san áit a bhfuil an tSeineagáil inniu. Bhí na cúrsaí ag dul ar aghaidh go sciobtha, nó tógadh daingin tradála in Elmina, agus thosaigh São Tomé e Príncipe ag táirgiú siúcra roimh aon choilíneacht eile. Sa bhliain 1482, chuaigh fórsa sluaíochta faoi cheannas Diogo Cão i dteagmháil le Ríocht an Chongó. Tháinig an briseadh mór sa bhliain 1487, nuair a sheol Bartolomeu Dias timpeall Cheann an Dóchais, ar ar bhaist sé an t-ainm sin, freisin. Ansin, thaispeáin sé go raibh sé indéanta an tAigéan Indiach a bhaint amach an bealach seo. Sa bhliain 1498, chuir Vasco da Gama beart leis an mbriathar, nuair a shroich sé an India.

[athraigh] Gabháltas Eorpach ar Mheiriceá

Bhí an Chaistíl, céile iomaíochta na Portaingéile, sách mall ag cromadh ar an taiscéalaíocht, agus níor thosaigh na mairnéalaigh Chaistíleacha ag éirí inchomórtais leis na Portaingéalaigh roimh an leath dheiridh den chúigiú haois déag. B'iad na hOileáin Chanáracha an chéad chnámh spairne idir an dá thír, agus b'iad na Caistíligh a ghabh iad sa deireadh. Níor dhírigh an Chaistíl, nó an Spáinn, i gceart ar chúrsaí an choilíneachais agus na taiscéalaíochta sula raibh Leathinis na hIbéire athghafa ó na Muslamaigh ina hiomláine, agus an Chaistíl agus an Aragóin nasctha le chéile. Sa bhliain 1492 fuair an dá thír an ceann ab fhearr ar ríocht Muslamach Ghranada, agus ansin, chinn an lánúin ríoga sluaíocht Chríostóir Colóim a mhaoiniú, le súil is go n-éireodh le Colóim an Áise a shroicheadh beag beann ar na Portaingéalaigh. B'amhlaidh go raibh smacht ag na Portaingéalaigh anois ar an mbealach go dtí an Áise timpeall na hAfraice, agus ní ligfidís siúd d'aon duine an bealach sin a úsáid gan deachú éigin a ghearradh air.


Níor bhain Colóim an Áise amach. Tháinig sé trasna ar rud ab fhearr ná sin, is é sin, an tOileán Úr, Meiriceá. Sa bhliain 1500, chuaigh an loingseoir Portaingéalach i dtír in áit eile san Oileán Úr, an Bhrasaíl. Anois, bhí sé tábhachtach limistéir chumhachta an dá ríocht Ibéaracha a shainiú agus críochadóireacht a dhéanamh eatarthu. B'é an Pápa a shocraigh an scéal sin, nó rinne sé idirghabháil idir an Spáinn agus an Phortaingéil, agus dá thoradh sin, shínigh na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh conradh le chéile, Conradh Tordesillas. D'fhág an Conradh an Afraic, an Áise agus cuid bheag de Mheiriceá Theas - an chuid ab fhaide soir de Bhrasaíl an lae inniu - ag na Portaingéalaigh, agus bronnadh an chuid ba mhó de Mheiriceá ar na Spáinnigh. Ar ndóigh, ní raibh a fhios ag aon duine go fóill an chuid ba mhó de na críocha seo a bheith ann ar aon nós. Go bunúsach, rith líne Tordesillas aduaidh ó theas, 370 léag (1550 ciliméadar) siar ó Oileáin Cabo Verde.

I dtús báire, bhí Colóim agus na taiscéalaithe Spáinneacha sách míshásta leis na gabháltais a rinne siad. Murab ionann agus an Afraic agus an Áise, ní raibh mórán tráchtearraí le fáil sna hoileáin Chairibeacha. Mar sin, b'fhearr leo na hoileáin a thabhairt chun míntíreachais agus a choilíniú. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na Spáinnigh ag taiscéaladh na hilchríche Meiriceánaí féin, agus b'ansin a fuair siad luach a saothair, flúirse mhillteanach óir. I Meiriceá, thuaidh agus theas, casadh ar na Spáinnigh impireachtaí a bhí chomh mór, chomh saibhir i ndaonra agus na himpireachtaí san Eoraip féin. Mar sin féin, bhí baiclí beaga de chonquistadores Spáinneacha ábalta na himpireachtaí seo a chloí. Is minic, áfach, a fuair siad cuidiú agus cabhair ó shluaite móra de chomhghuaillithe bundúchasacha, go háirithe ó threibheacha a bhí á dtroid nó á gcoinneáil faoi dhaorsmacht ag na himpireachtaí. B'iad na himpireachtaí ba nótáilte den chineál seo ná Impireacht na nAstacach san áit a bhfuil Meicsiceo inniu, agus Impireacht na nInceach, nó Tawantinsuyu, Tír na gCeithre gCeathrún, san áit a bhfuil Peiriú agus Eacuadór inniu. B'é Hernán Cortés a d'fhorghabh Ríocht na nAstacach sa bhliain 1521, agus b'é Francisco Pizarro a bhí i gceannas ar na Spáinnigh a rinne gabháltas ar Tawantinsuyu. I ndiaidh an ghabháltais, rinne galair na hEorpa sléacht mór ar an daonra áitiúil. I gcás amháin ar a laghad, chuidigh galar den chineál sin leis na hEorpaigh sular bhain siad an áit amach iad féin. Nó dealraíonn sé gur mharaigh an bholgach Huayna Capac, impire na nInceach, go gairid roimh theacht Pizarro. Nuair a shroich na Spáinnigh an impireacht, bhí beirt mhac Huayna Capac, Atahualpa agus Huascar, sáite i gcogadh cathartha in aghaidh a chéile, rud a d'fhág an stát chomh lag is nach raibh seasamh ann in aghaidh scéimeanna na Spáinneach. Dá mb'é Huayna Capac agus an impireacht aontaithe a chasfaí ar Pizarro, bheadh cuma eile ar fad ar stair Mheiriceá Theas, is féidir.

Nuair a bhí forlámhas na Spáinne curtha i bhfeidhm ar na himpireachtaí seo, b'iad an t-or agus an t-airgead geal na clocha ba mhó ar phaidrín na Spáinneach, idir mhianadóireacht agus easpórtáil. Na deilbhíní iontacha óir nó airgid a bhí saoirsithe ag na healaíontóirí bundúchasacha, chuaigh siad ar fad sa slige, agus rinneadh barraí miotail díobh.




Vicipéid
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


I dteangacha eile
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com