Phil Lynott
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceoltóir Éireannach a ba é Philip Parris Lynott, (20 Lúnasa, 1949 – 4 Eanáir, 1986). Ba é Lynott an príomh-amhránaí agus dord-ghiotáraí den banna rac-cheol Thin Lizzy, a bhí cáiliúil i rith na 1970í agus na 1980í. Tar éis Thin Lizzy, rinne Lynott cúpla albaim ina aonar. Chomh maith le ceoltóir, ba file é Lynott, agus rinne sé beagán aisteoireacht freisin.
Éireannach bródúil a ba é Lynott, agus bhí tionchar mór aige ar daoine in Éirinn agus thar na tonnta leis a dearcadh cuideachtúil agus a phaisean don cheol.
Clár ábhair |
[athraigh] Saol
Cé go raibh aithint ag Lynott mar Éireannach, rugadh sé i West Bromwich, Sasana. Philomena Lynott as Baile Átha Cliath a ba é a mháthair, agus bhí a athair Parris as An Bhrasaíl. D'fhág Parris Philomena agus an leanbh nua nuair a bhí Lynott ach trí seachtaine d'aois. Thóg Philomena an leanbh ar ais go hÉireann, agus d’fhás Philip suas i gCromlinn, Baile Átha Cliath leis a shean-mháthair Sarah. Saol deacair a ba é uaireanta don buachaill gorm ag fás suas i gCromlinn, ach thóg Philip inspioráid ón a laoch Jimi Hendrix. Ó Hendrix, chonaic Philip gurb fhéidir a bheith príomh-amhránaí gorm i banna bán.
Ach ar an taobh eile, bhí Philip beagán difriúil, agus mar sin fuair sé níos mó aire ná a chairde. Is cinnte go raibh a fhios ag Philip faoi seo, agus nuair a thosaigh sé a chéad banna, roghnaigh sé an ainm The Black Eagles. Leis a chara Brian Downey ar na drumaí, thosaigh siad ag seinm ar fud an chathair, agus i 1969 d’athraigh siad an ainm go dtí Thin Lizzy.
I rith na blianta, chruthaigh Thin Lizzy amhráin agus albaim iontach. Seinnteoir iontach a ba é Lynott, agus thuill sé meas mar ceoltóir agus scríbhneoir. Scéil beag a ba iad a amhráin, le blas Ghaelach go minic.
Ach leis an cháil agus an airgead, tháinig fadhbanna freisin. D’úsáid Lynott drugaí go minic, agus bhí an banna as smacht uaireanta. Tháinig agus d’fhág giotárithe, agus bhí trioblóid i gcónaí.
Ar 14 Feabhra, 1980, phós Lynott le Caroline Crowther, iníon den fuirseoir Sasanach Leslie Crowther. Bhí beirt iníne acu, Sarah agus Cathleen.
I 1983, cuireadh deireadh le Thin Lizzy. Ag an am sin, bhí Lynott i dtrioblóid le hearóin agus d’fhág a bhean chéile é. Lean sé ar aghaidh ag seinm, ach d’éirigh Lynott níos measa. Ar Lá Nollaig 1985, thit Lynott gan mheabhair ina theach i Londain. Tógadh é go dtí an ospidéal, ach fuair sé bás ar 4 Eanáir, 1986. Ní raibh ródháileog a ba i gceist, ach theip a chorp tar éis úsáideacha fadtréimhseacha hearóin.
Tá uaigh Phil Lynott i Binn Éadair, Baile Átha Cliath. Ar a leac uaighe, tá na focail “Go dtuga Dia suaimhneas dá anam”.
[athraigh] Albaim
[athraigh] Thin Lizzy
- 1971 - Thin Lizzy
- 1972 - Shades of a Blue Orphanage
- 1973 - Vagabonds of the Western World
- 1974 - Night Life
- 1975 - Fighting
- 1976 - Jailbreak
- 1976 - Remembering
- 1976 - Johnny the Fox
- 1977 - Bad Reputation
- 1978 - Live and Dangerous
- 1979 - Black Rose: A Rock Legend
- 1979 - Continuing Saga of Ageing Orphans
- 1980 - Chinatown
- 1981 - The Adventures of Thin Lizzy
- 1981 - Renegade
- 1983 - Thunder and Lightning
- 1983 - Life
- 1987 - The Collection
- 1991 - Dedication: The Very Best of Thin Lizzy
- 1999 - Boys Are Back in Town: Live in Australia
- 2000 - One Night Only [live]
- 2004 - Thin Lizzy Greatest Hits