Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Máire Mhic Ghiolla Íosa - Vicipéid

Máire Mhic Ghiolla Íosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Máire Mhic Ghiolla Íosa
Máire Mhic Ghiolla Íosa
Ord: 8ú Uachtarán
I bhfeidhmeannas: 11 Samhain, 1997 – anois
Uimhir tréimhsí: 2
Réamhtheachtaí: Máire Mhic Róibín
Comharba: Duine ar bith
Dáta breithe: 27 Meitheamh, 1951
Áit bhreithe: Béal Feirste, Tuaisceart Éireann
Céile: Máirtín Mac Giolla Íosa
Gairm: Leas-Seansailéir Cúnta OBBF; iriseoir
Ainmnithe ag: Fianna Fáil
Iarrthóirí eile: 1997
Fine Gael:
:: Mary Banotti, MEP
Lucht Oibre:
:: Adi Roche
Neamhspleách:
:: Dana Scallon
Neamhspleách:
:: Derek Nally
2004
Duine ar bith

Is í Máire Pádraigín Mhic Ghiolla Íosa (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ochtú hUachtarán na hÉireann, agus tá sí i bpost i gcónaí (1997 - ).

Bhí a téarma 7 mbliain le bheith istigh i Mí na Samhna 2004, ach d´fhógair sí ar 14 Meán Fómhair, 2004 go seasfadh sí an dara téarma sna toghcháin uachtaránachta. Nuair nár éirigh le haon iarrthóir eile an tacaíocht cuí a fháil le seasamh, sheas an Uachtarán gan chur ina coinne, agus fógraíodh go raibh sí tofa ar 1 Deireadh Fómhair, 2004. Cuirfear i gcathaoir í ag tús a dara téarma ar 11 Samhain, 2004. Feictear gur mar gheall ar shásamh an phobail lena iarrachtaí ina post cúis a bua sa toghchán, agus nach raibh páirtí ar bith sásta íoc as toghchán a bheadh an-deacair buachaint. [1]

Rugadh Máire Páidrigín Ní Lionnacháin ar an 27 Meitheamh, 1951. Fuair sí a chuid oideachais ag Ardscoil Naoimh Doiminic; Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is ball ar an mBeár i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann í. I 1975 ceapadh mar Ollamh Reid ar Dhlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Píoneolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í, i gcomharba ar Mháire Mhic Róibín (comharba a thitfeadh amach arís i gceann 20 bliain). I 1979 chuaigh sí isteach in RTÉ mar iriseoir agus láithreoir. I 1981 d´fhill sí ar Ollúnacht Reid, ach lean ag obair go páirtaimseartha do RTÉ ar feadh 4 bliana eile. Ba bhall ar Theachtaireacht Easpag an Eaglais Chaitlicigh chuig Fóram Éireann Nua i 1984 í, agus ba bhall ar theachtaireacht na hEaglaise Caitlicí chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáid Conspóideacha í i 1996.

I 1997 bhuail Bean Mhic Giolla Íosa an Taoiseach Ailbhe Mac Raghnaill i dtoghchán ar rogha Fhianna Fáil don Uachtaránacht. Ar 11 Samhain 1997, thóg sí a háit mar 8ú Uachtarán na hÉireann. Ba é seo an chéad uair ar tháinig bean i gcomharba ar bhean eile mar uachtarán aon áit ar domhan. Náisiúnaí a tógadh i dTuaisceart Éireann, téann sí thar teorainn go minic, agus cuireadh fáilte roimpi ag an dá phobal ó thuaidh.

Chuir sí aithne ar an mBanríon Eilís II agus í féin ina Leas-Sheansiléar Cúnta ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Meastar go mbeidh cuairt ón mBanríon sin go hÉirinn i réim an Uachtaráin.

Tá sí pósta le Máirtín Mac Giolla Íosa. Tá a háras oifigiúil in Áras an Uachtaráin, Páirc an Fhíonnuisce, Baile Átha Cliath 7.

Roimhe seo bhí sí ina:

  • Leas-Sheansiléar Cúnta ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste,
  • Iarrtóir do Fhianna Fáil in ollthoghchán, 1987
  • Iriseoir/Láiritheoir, Today Tonight, RTÉ (Radio Telefís Éireann)
  • Ollamh Reid le Dlí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Ollscoil Átha Cliath)
  • Comhairleoir do easpaig an Eaglais Chaitlicigh le linn Fhóraim Éireann Nua.
  • Bunaitheoir leis an Seanadóir David Norris ar an bhFeachtas ar Leasú Dlí ar Hóimeaghnéasachas.



Uachtaráin na hÉireann
Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com