IRA
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar (nó thugtaí) an t-ainm IRA (ón Béarla Irish Republican Army) ar roinnt grúpaí paraimíleata in Éirinn atá ag iarraidh aon stát amháin a bhunú ar oileán na hÉireann nach mbeadh aon bhaint aige leis an Ríocht Aontaithe. Is é an t-ainm is fearr leis na grúpaí seo a úsáid as Gaeilge ná Óglaigh na hÉireann. Sin é an t-ainm oifigiúil atá ar fhórsaí cosanta seasta Phoblacht na hÉireann freisin, áfach (féach ar Óglaigh na hÉireann le tuilleadh a fháil amach faoin gconspóid seo). Tá gach ceann de na grúpaí sin ag maíomh ginealais ar an gcéad IRA, airm na poblachta Éireannaí a d'fhógraigh Dáil Éireann sa bhliain 1919. An chuid is mó de mhuintir na hÉireann, áfach, ní ghlacann siad leis go bhfuil na grúpaí nua i dteideal ainm an tSean-IRA a úsáid.
- An tIRA Sealadach - bunaíodh sa bhliain 1969 é. Tá clú ar an ngrúpa mar gheall ar na hionsaithe paraimíleata ó na 1970í anuas go dtí na 1980í. Leis an ngrúpa seo is mó a shamhlaítear an téarma 'IRA' inniu, ós é an tIRA is mó sa lá atá inniu ann.
- An tIRA Oifigiúil - an chuid eile den IRA, an chuid a fágadh nuair a scoilt an tIRA Sealadach ón ngrúpa bunúsach sa bhliain 1969. De réir dealraimh, d'éirigh an grúpa seo as an ngleic armtha, nó roghnaigh an ceannaire, Cathal Goulding, dul le polaitíocht.
- An tIRA Leanúnach - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1980í, mar gheall ar shocruithe polaitiúla Shinn Féin.
- An Fíor-IRA - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1990í nuair a staon an grúpa sin ón bhforéigean.