Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Coimisiún na Teorann - Vicipéid

Coimisiún na Teorann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coimisiún rialtais in Éirinn ab ea Coimisiún na Teorann a cuireadh ar bun chun an teorainn idir Saorstát Éireann agus Tuaisceart Éireann a leagan amach go cruinn. Bunaíodh é de réir théarmaí an Chonartha Angla-Éireannaigh. Cé go raibh go leor de náisiúnaithe na tíre míshásta le coinníollacha an Chonartha, go háirithe de bhrí go mbeadh críochdheighilt mar thoradh air, bhí siad ag súil go mbeadh an limistéar tíre a d'fhanfadh faoi riail na Breataine laghdaithe go mór mar gheall ar obair an Choimisiúin. Shíl siad go mbeadh Tuaisceart Éireann róbheag ansin chun fanacht amach ón gcuid eile den tír. Ach ní mar sin a tharla.

In Alt 12 den chonradh, beartaíodh go mbeadh triúr ar an gcoimisiún, duine ón Saorstát, duine ón Tuaisceart agus duine 'neamhspleách' ón mBreatain. Ón tús, níor thug James Craig, ceannaire Thuaisceart Éireann aitheantas don choimisiún, agus é ag maíomh nach raibh sé de cheart ag dream ar bith an teorainn a athrú. Dhiúltaigh sé duine a ainmniú ar an gcoimisiún, ach ainmníodh J.R. Fisher, foilsitheoir nuachtán Aontachtach, mar ionadaí do Thuaisceart Éireann. Ainmníodh Eoin Mac Néill mar ionadaí do Shaorstát Éireann. Duine ón Afraic Theas, an Giúistís Richard Freeman, a bhí sa chathaoir, agus é ainmnithe ag an mBreatain.

Bhí foclaíocht Alt 12 míshoiléir, níor dhúradh ach gur cheart na teorainneacha idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den tír a dhearbhú de réir mianta na n-áitritheoirí, a fhad is a bheadh sé sin ag teacht le coinníollacha eacnamaíocha agus tíreolaíocha. Ach ní raibh sé chomh simplí sin, bhí aontachtóirí agus náisiúnaithe measctha le chéile agus ní raibh sé éasca brí a bhaint as na coinníolacha eacnamaíocha. Bhí beirt den triúr ar an gCoimisiún ar aon intinn nár cheart mórán athrú a dhéanamh, agus iad claonta i leith an oiread talaimh agus ab fhéidir a fhágáil faoi réimeas Thuaisceart Éireann. Ní raibh Eoin Mac Néill sásta leis sin, ach ní raibh aige ach vóta amháin as an triúr. Bhí na náisiúnaithe ag súil leis go mbeadh réimsí móra de Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Fear Manach á gcur leis an Saorstát, chomh maith le cathair Dhoire, agus nuair a nochtadh tuairisc an choimisiúin sa nuachtán, an Morning Post, an lá sular foilsíodh go hoifigiúil é, ba léir nárbh fhiú faic na hathruithe a bhí molta.

Bhí achrainn mhór ann faoi. Thuig ceannairí an tsaorstáit nach bhféadfaí a dhath a dhéanamh faoin tuairisc nuair a d'fhoilseofaí é agus bhí cruinniú ag Liam Mac Cosgair, ceannaire an tSaorstáit ag an am, le James Craig agus le príomhaire na Breataine, Stanley Baldwin chun an tuairisc a chur faoi chois. Sa deireadh, níor foilsíodh é agus d'fhan an teorainn gan athrú. Teorainn áiféiseach atá ann ar go leor bealaí, nó tá bóithre, feirmeacha, sráidbhailte, páirceanna, agus fiú tithe á roinnt aici idir an dá stát. Tharla conspóid mhór sa Saorstát ag an am dá bharr agus d'éirigh Eoin Mac Néill as oifig. Ach, toisc nach raibh Sinn Féin ag glacadh páirt sa Dáil ag an am, ní raibh siad in ann cur ina choinne.

I dteangacha eile
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com