Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Cathal Brugha - Vicipéid

Cathal Brugha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cathal Brugha
Cathal Brugha

Réabhlóidí Éireannach as Baile Átha Cliath ab ea Cathal Brugha (Charles William St John Burgess; 18 Iúil 1874 - 7 Iúil 1922), a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh Cathartha.

[athraigh] Saol

Rugadh i mBaile Átha Cliath do thuismitheoirí measctha é, duine acu ina Chaitliceach Éireannach agus an duine eile ina Phrotastúnach Sasanach. Chuaigh sé ar scoil ar Choláiste Belvedere, ach bhí air an coláiste a fhágáil, toisc gur theip ar ghnó a athara. Fuair sé post níos déanaí mar chléireach i gcomhlacht a bhí ag soláthar earraí eaglaise.

Sa bhliain 1899 chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, agus sa bhliain 1913, bronnadh céim leifteanant air in Óglaigh na hÉireann. I rith Éirí Amach na Cásca, bhí sé ar an dara duine ba mhó cumhachta san aonad a bhí faoin gCeannfort Éamonn Ceannt. Gortaíodh go tromchúiseach é i rith na troda, nó ghoin pléascán láimhe agus cith piléar é. Bhí sé chomh dona is gur ceapadh nach dtiocfadh sé as ar aon nós.

I nDeireadh Fómhair sa bhliain 1917, rinneadh Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann de, post a bhí aige go dtí Márta sa bhliain 1919. Sa bhliain 1918, vótáladh isteach i nDáil Éireann é, agus é ina Theachta Dála do dháilcheantar Phort Láirge. Rinneadh Aire Cosanta de ar an rialtas nua. Toisc nach raibh Éamon de ValeraArt Ó Gríofa i láthair, bhí sé ina Phríomh-Aire ar Dháil Éireann ag chéad chruinniú na Dála ar an 21 Eanáir sa bhliain 1919.

Bhí an-chol aige le Mícheál Ó Coileáin. Bhí an Coileánach i gceannas ar an Rannóg Faisnéise in Óglaigh na hÉireann, ach bhí níos mó tionchair aige ar na cúrsaí cosanta, toisc go raibh sé ina bhall tábhachtach i mBráithreachas na Poblachta. Cheap an Brughach go raibh an Coileánach agus an tIRB ag tolladh faoina udarás, agus go raibh an iomarca airde ag na meán chumarsáide ar an gCoileánach. Nuair a tháinig ceannasaithe na nÓglach le chéile i Mí Lúnasa sa bhliain 1920, bhí an Brughach ag áitiú ar na hÓglaigh nár chóir dóibh na saighdiúirí Gallda a ionsaí ón luíochán, mura mbeadh d'áiméar acu iad féin a ghéilleadh, ach ní raibh lucht ceannais na mbriogáidí ar aon bharúil leis, nó dúirt siad nach raibh an chomhairle seo réadúil ná réasúnta. Chomhairligh an Brughach freisin na Gaill a ionsaí i Sasana féin, ach níor thaitin an smaoineamh seo leis an gCoileánach.

Sa bhliain 1922, chaith sé a vóta i gcoinne an Chonartha, agus cuireadh Risteard Ó Maolchatha ina áit mar Aire Cosanta. Maraíodh sna Ceithre Chúirteanna é i rith an Chogaidh Chathartha. Bhí teach na gcúirteanna á scriosadh agus ba léir go raibh na daoine taobh istigh díobh ag cailleadh an chluiche. Bhí sé gortaithe go marfach sa leis faoin am seo. Maraíodh é nuair a bhí sé ag teacht amach as an bhfoirgneamh, agus gunnán á bheartú aige. An t-urchar a bhuail é, bhris sé artaire sa leis aige, agus b'é an cur fola ba trúig bháis dó. Ar an seachtú lá de Mhí Iúil, sa bhliain 1922, a d'éag sé, nuair a bhí aon lá déag ag teastáil uaidh le hocht mbliana is dhá scór a shlánú.

Bhí mac aige, Ruairí Brugha, a chuaigh leis an bpolaitíocht ina dhiaidh sin, agus é ina Theachta Dála, ina theachta i bPairlimint na hEorpa agus ina Sheanadóir d'Fhianna Fáil sna 1970í agus sna 1980í. Fuair Ruairí bás sa bhliain 2006.

I dteangacha eile
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com