Bráithreachas na Poblachta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eagraíocht náisiúnaíoch Éireannach ab ea é Bráithreachas na Poblachta (nó Irish Republican Brotherhood (IRB) mar a ghlaoitear air as Béarla). Bhí an eagraíocht dírithe ar Éire a shaoradh ó bhráca Shasana, agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh. D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós Cumann Lúthchleas na nGael|Chumann Lúthchleas na nGael agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.
B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an tIRA go gairid ina dhiaidh sin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.