An Opera Meitreapólach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
I dteach an Opera Meitreapólach tá complacht an Opera Meitreapólaigh agus Órcastar an Opera Meitreapólaigh. In Ionad Lincoln i Nua-Eabhrac atá sé, ar an tSlí Leathan ag an 63ú Sráid i Manhattan. Tógadh Ionad Lincoln i 1962, agus tá ceannaireacht na complachta míshásta go maith leis an dteach, mar gheall ar an sórt scaipeadh fuaime atá ann, cúngas an tí le mór-opera, agus eile. Tá meas ginearálta ar ailtireacht an tí, mar sin féin.
D'fhógair Joseph Volpe, bainisteoir ar éirigh go geal leis ó 1990 ar aghaidh, sa samhradh i 2004 go raibh sé le h-éirí as a phost ag deireadh mí Iúil 2005, agus go n-oibreodh sé lena chomharba, Peter Gelb, go dtí sin.
Tá an chomplacht ar cheann de mhór-chomhlachtaí opera an domhain. Tá James Levine tar éis éirí as a phost mar stiúrthóir ceoil, agus ´sé Zubin Mehta a chomharba.
Cuireann an chomhplacht raidhse maith opera i láthair, gnás opera na hIodálaise, na Fraincíse, agus na Gearmánaise san áireamh.
Sa samhradh, bíonn ballet á chur i láthair fad agus a bhíonn an chomplach opera ar saoire. Ach ní ar saoire ar fad a bhíonn siad - bíonn taispeántais opera i bpáirceanna poiblí ar fud na cathrach sa samhradh, agus iad saor in aisce.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.