Tenochtitlán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba chathair ársa sa ghleann láir i Meicsiceo í Tenochtitlán, príomhchathair impireacht na nAstacach. Bunaíodh í timpeall 1345. Bhí an chathair lonnaithe ar oileán i lár Loch Texcoco. Bhí idir 200,000 is 300,000 duine ina gcónaí ann nuair a tháinig na Spáinnigh faoi stiúir Hernán Cortés ar an áit i 1520.
Bhí ar na Spáinnigh teitheadh ón chathair ar an 30 Iúil 1520, an oíche ar a thugtar noche triste nó oíche brónach. Tháinig siad ar ais i 1521 agus ghabh Cortés an chathair tar éis léigear 3 mhí agus ghabh sé Cuauhtémoc, ceannaire na nAstacach. Scrios na Spáinnigh an chathair is bhunaigh siad Cathair Mheicsiceo ar an áit.