Snap
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cluiche cártaí do bheirt imreoirí nó níos mó é Snap. Is ceann de na cluichí cártaí is éasca atá ann. Déantar na cártaí agus roinntear iad ar gach imreoir. Cuireann gach imreoir a cártaí féin, iompaithe síos, i gcarn os a comhair. Iompaíonn gach aon imreoir an cárta ar bharr an charn ina gceann agus ina gceann le go mbeidh siad iompaithe aníos i lár an bhoird, áit a mbeidh carn nua. Má bhíonn cárta mar a chéile leis an gcárta díreach faoi, gnóthóidh an chéad duine a déarfaidh "snap" an carn iomlán i lár an bhoird. Cuireann siad iad seo, iompaithe síos, ar bhun a gcarn féin. Is é an duine a ghnóthaíonn an carn a thosaíonn arís. Leantar ar aghaidh mar seo go dtí go ritheann imreoir éigin amach as cártaí agus tá an duine sin amuigh as an gcluiche. Is é an duien deiridh sa chluiche an buaiteoir.