Plé:Poblacht na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An bhféadfaí an léarscáil atá ar an leathanach Béarla a chur ar an leathanach, leis na contaethe athraithe. Níor ghá an liosta ansin, bheadh níos mó eolais ar shuíomh ar an léarscáil, agus d´fhéadfaí, dá mba ghá, nasc a chur isteach go contaethe na hÉireann. Déarfainn an rud chéanna faoin alt 'Éire', cé go mbfhearr liomsa an mapa a fheiceáil ar an alt sin.
Tá liosta slachtmhar san alt Bhéarla, leis, des na contaethe - an bhfuil bealach éasca lena aistriú go Gaeilge.
Maidir leis an ngnó seo 'oileán na hÉireann´, 'tír na hÉireann,' ' stát na hÉireann,' srl - ceapaim go dteastaíonn 'leathanach idirdhealú' (nó pé réiteach a bhí agaibh ar disambiguation page) go géar. Ní cheapaim gur cheart nó gur ghá bheith ag sá isteach leithscéil mar 'is é atá i gceist anseo ná oileán na hÉireann´ ar alt faoi Éirinn, agus ag sá a leithéid i ngach áit a luaitear Gael, Gaeilge, Gaelach, 'Éire, Éireannach, srl. Meabhar 21:44, 11 Lún 2004 (UTC)
An ceart an leagan Gaeilge d'ainmneacha polaiteoiri a úsáid nuair nach n-úsáideann siad féin iad de ghnáth?