Pádraig Ó Snodaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach sa bhliain 1935. Chaith sé tamall ag obair do Bhord Soláthar an Leictreachais, agus ansin san Iarsmalann Náisiúnta. Bhí sé seal ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim agus tá na céadta leabhar foilsithe aige le cúig bliana fichead anuas. Tá filíocht, úrscéalta agus aistí staire dá chuid féin foilsithe chomh maith. Tá triúr mhac le Ó Snodaigh sa bhanna cheoil Kíla, Rossa, Rónán agus Colm. Tá sé pósta leis an ealaíontóir Cliodhna Cussen.
Is mac leis Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála.
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.