Joan Gamper
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba bhunaitheoir an chlub sacair F.C. Barcelona é Hans-Max Gamper Haessig, a raibh aithne air sa Chatalóin mar Joan Gamper. Rugadh é sa chathair Éilvéiseach Winterthur ar 22 Samhain 1877. Ba fhear spórtúil é ar fad a shaoil. Ba rothaí é i Zurich ó bhí sé 12 blian d'aois, ach d'éirigh sé as an rothaíocht agus dhírigh sé é féin ar an bpeil. Bhog sé ón Eilvéis go Lyon na Fraince i 1897, áit a d'imir sé rugbaí. I 1899 bhog sé go Barcelona agus chuir sé aithne ar na heachtranniagh eile a bhí ag cur futhu sa chathair. Chinn sé ar chlub sacair a bhunú. Chuir sé fógra san iris Los Deportes ag lorg imreoirí dá chlub nua. Ar an 29 Samhain, bunaíodh Football Club Barcelona sa Gimnàs Solé ar an sráid Montjuïc del Carme uimhir 5. Ba iad dathanna chathair Zurich na dathanna a phioc na bunaitheoirí don chlub - dearg agus gorm.
D'imir Gamper don chlub ó 1899 go 1903. Ina dhiaidh sin, chaith sé sealanna ina uachtarán ar an gclub. Chuir sé lámh ina bhás féin ar an [[30 Iúil] 1930.