Bliain Idirnáisiúnta na Geoifisice
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bliain Idirnáisiúnta na Geoifisice: B'í Bliain Idirnáisiúnta na Geoifisice, a mhair ní b'fhaide ná bliain (ón chéad lá de Mhí Iúil 1957 go dtí an t-aonú lá déag is fiche de Mhí na Nollag 1958), an tionscadal comhoibrithe ba mhó riamh i stair na heolaíochta. Bhí seacht dtír is trí scór ar fad páirteach san fhiontar seo, agus iad ag comhchruinniú a gcuid cumais leis na príomhábhair staidéir seo leanas a thaighde:
- an mheitéareolaíocht (is é sin, an aimsir);
- an Ghrian;
- na Saighneáin (is é sin, an chaor aduaidh, nó aurora borealis);
- an spás;
- agus an gheoifisic, is é sin, fisic an Domhain.
Is iomaí gléas úr teicneolaíochta a cuireadh in úsáid an chéad uair in obair na heolaíochta le linn Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice: an radar, na roicéid, an leictreonaic ardfhorbartha, agus fiú an chéad dá shatailít dhaondéanta, mar atá, Sputnik na Rúiseach agus Vanguard na Meiriceánach. Bhí Vanguard sceidealaithe ón tús an chéad turas spáis a thabhairt le linn Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice, agus siúd is gur chlis ar an chéad dá iarracht lainseála, scaoileadh an chéad Vanguard chun bealaigh fá dheoidh i Mí na Márta 1958.