Arm na Saoránach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba é Arm na Saoránach (as Béarla, Irish Citizen Army nó ICA) an eagraíocht mhíleata a bhunaigh Séamus Ó Conghaile chun cearta an lucht oibre Bhaile Átha Cliath a chosaint ar fhostóirí agus ar na póilíní.
Ba mar gheall ar stailc mhór Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann i 1913 (nó Frithdhúnadh 1913 mar a tugtar air anois) a cuireadh tús leis an arm seo. Mhóidigh an Conghaiileach nach mbeadh oibrithe na cathrach gan chosaint in aghaidh na bhfostóirí ná na bpóilíní feasta.
Ba é a mhana: 'Ní don Rí ná don Kaiser a thugaimid dílseacht, ach d'Éirinn'. Bhí dearcadh láidir sóisialach ag an gConghaileach, ach ba thírghráthóir é freisin agus chuaigh sé i bpáirt le hÓglaigh na hÉireann in Éirí Amach na Cásca.
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.