Vicipéid:Stumpa
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard atá i stumpa ná alt an-ghearr, níos lú ná paragraf amháin de ghnáth. Ní féidir le stumpa tuairisciú ceart a thabhairt ach amháin do na hábhair is beagthábhachtaí. Ní ciallaíonn sé sin nach bhfuil alt leor le fáil sa stumpa — níl sé ach ag tnúth le tuilleadh scríbhinn.
[athraigh] Stumpa a chlibeáil
Má chruthaíonn tú stumpa, cuir an clib seo ag deireadh an leathanaigh, ach riomh na ranna Féach freisin agus Naisc seachtracha : {{stumpa}}. Mar sin, taispeánfar an téacs seo a leanas (as Múnla:stumpa) san alt.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Cuireann seo misneach i ndaoine eile chun an alt a fhorleathnú.
Tar éis píosa breise a scríobh don leathanach, agus nuair nach bhfuil cumas stumpa air, bain an teachtaireacht seo as an leathanach.
[athraigh] Stumpa a fhorleathnú
Chun stumpa a fhorleathnú, is féidir leat tagairtí a chur isteach agus a lua faoin ábhar as leabhair, irisí nó nuachtáin. Tabhair cuairt do naisc seachtracha an ailt, má tá siad ann, nó ba féidir leat cuardach a dhéanamh ag inneall cuardaigh ar nós Google nó Yahoo! chun eolas a fháil faoin ábhar. Cuimhnigh, áfach, nach féidir leat téacs a chóipeáil focal ar fhocal isteach an Vicipéid, de réir an GFDL. Ar ndóigh, is féidir leat alt a haistriú as teanga eile sa Vicipéid, m.sh. an Vicipéid i mBéarla.