Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Nollaig - Vicipéid

An Nollaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baineann an t-alt seo leis an bhféile Chríostaíoch Nollaig. Tá eolas faoi Mí na Nollag le fáil ar leathanach eile.

Saoire sa bhféilire Chríostaíoch a cheiliúrann breith Íosa Chríost is ea an Nollaig (Christmas as Béarla), a chomórtar ar 25 Mí na Nollag. De réir na soiscéil, rugadh Íosa Críost don Maighdean Muire i mBeitheal, tar éis di féin agus dá fear céile Iósaf teacht ann le clárú don cheannáireamh Rómhánach. Dúirt lucht a leantha gur chomhlíon a bhreith fáisnéisí na bhfáidhe Giúdacha go dtiocfadh slánaitheoir as teach Dháibhí. Is saoire mór poiblí ar fud cuid mór den domhain an Nollaig, freisin. fiú i dtíortha nach bhfuil iontu ach fíorbheagán Críostaithe. Tá plé i gcónaí faoi dáta ceart ar a rugadh Íosa.

An Triúr Eagnaithe ar chuairt ar Íosa Críost ar an Oíche Nollag Bheag tar éis a bhreithe lá Nollag
Méadaigh
An Triúr Eagnaithe ar chuairt ar Íosa Críost ar an Oíche Nollag Bheag tar éis a bhreithe lá Nollag

Clár ábhair

[athraigh] Dáta an cheiliúrtha

Thosaigh iarrachtaí ceartdáta breith Chríost timpeall dhá chéad bliain tar éis a bháis, agus an eaglais Chaitliceach ag socrú a cuid féilte agus traidisiúin. Ceiliúrtar an Nollaig anois ar 25 Nollaig 'sna heaglaisí Chaitliceacha agus de bhunús Chaitliceach ar fad: na heaglaisí (Ceartchreidmheacha, Caitliceacha agus Protastúnacha). Mar nár ghlac an chuid is mó des na heaglaisí Ceartchreidmheacha na hathraithe faoin bhféilire Grigóireach nó faoin bhFéilire Athchóirithe Iúlach, is ar an dáta poiblí 7 Eanáir a thiteann 25 Mí na Nollag sa bhFéilire Eaglasta acusan ´sna blianta 1900 go 2099.

Tá difríochtaí freisin i gcómóradh poiblí na Nollag. I Sasana agus in Éirinn, tosaíonn dáréag lá na Nollag ar lá Nollag, agus déantar fleadh agus féasta ar feadh an achair go dtí Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan mar a thugtar freisin air.

Tá féile na Nollag imithe i bhfaid i dtíortha áirithe, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Sasana, agus i SAM tosaíonn a ceannach agus an maisiú go díreach i ndiaidh Féile an Bhuíochais Leanann sé ón Nollag go dtí Lá Cinn Bliana, fé cóisir ag baile agus ag obair, agus bíonn a chuid comóradh féin ag dul le Lá Cinn Bliana. In Albain, tugtar Hogmanay ar Oíche Chinn Bhliana, agus más aon ní, is mó an chomóradh a dhéantar ar an bhféile sin ná ar an Nollaig féin. Tugtar Oíche Nollag ar 24 Mí na Nollag. Tugtar "Boxing Day" ar 26 Mí na Nollag i bhformhór na dtíortha ina labhraítear Béarla, ach Lá 'le Stiofán i dtíortha Chaitliceacha de ghnáth. Uaireanta tugtar Lá an Dreoilín air in Éirinn. San Ísiltír, sa Ghearmáin, i gCríoch Lochlann agus sa Pholainn, tugtar Céadlá na Nollag agus Daralá na Nollag ar Nollaig 25 agus Nollaig 26 faoi seach (m.sh. "Erster/Zweiter Weihnachtstag" i nGearmáinis).

Daidí na Nollag
Méadaigh
Daidí na Nollag

[athraigh] Nósanna agus ceiliúradh

Tá an-chuid nósanna le bunús creidimh, pobail nó náisiúnta mórthimpeall na Nollag. Thosaigh an crann Nollag sa Ghearmáin. Tháinig nósanna eile ar nós Liamhas na Nollag, cuileann, agus tabhairt bronntanasaí ón bhféile lárgheimhridh níos luaithe a bhí imeasc na bpáganach, Yule agus an cheiliúradh ar an ngrianstad a bhí bhí coitianta i dtuaisceart na hEorpa i bhfad sul má tháinig an Chríostaíocht. Seachas cosc a chur leis na féilte seo, thug an Pápa Gríogóir I cead do mhisiúnaithe Críostaíocha míniú Críostaíoch a thabhairt dóibh, fad is a ligfí don chuid is mó des na nósanna a bhain leo leanúint ar aghaidh gan bhac. 1 Tá cúpla eaglais Críostaíoch, Finnéithe Iávé ina measc, agus roinnt grúpaí Piúratánacha, a bhreathnaíonn ar an Nollaig mar fhéile págánach nach dtagann ón mBíobla, agus nach gceiliúrann í mar gheall air sin.

[athraigh] Nósanna seichteacha

Teach oirneálaithe don Nollaig i Yate, Sasana
Méadaigh
Teach oirneálaithe don Nollaig i Yate, Sasana

Mar gur tháinigh go leor de nósanna na Nollag i dtuaisceart na hEorpa, baineann go leor acu le geimhreadh an Leathchruinne Thuaidh, agus mar sin baintear an-fheidhm as rudaí geimhridh ar nós sneachta, cuileann agus a leithéid in órnáidí agus i bpictiúir de Dhaidí na Nollag.

[athraigh] Daidí na Nollag agus figiúir eile a thugann bronntanasaí

Tagann an choincheap de fhigiúr ceilte a thugann bronntanasaí do leanaí ó San Nioclás, easpag cineálta ón 4ú Aois in Asia Minor. Chuir muintir na hOlainne tús le San Nioclás a thugadh bronntanasaí ag a fhéile ar 6 Nollaig. I Meiriceá Thuaidh, ghlac coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo ina gcomóradh Nollag, agus deineadh Santa Claus, de 'Sintaklaas na nOlonnach. I dtraidisiún na mBéarlóirí seo i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar carr sleamhnáin arna tharraingt ag reinfhianna, dreapanna sé anuan an simléir, agus fágann sé féiríní do leanaí, agus itheann sé an bia agus (gan amhras ar bith) an deoch a fhágtar lena choinne. Tá ceangal lárnach idir an caractair seo agus an té Eorpach Daidí na Nollag. Tugann sé an bhliain ag déanamh bréagáin, agus ag coinneáil liostaí ar iompar na leanaí. I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga i gcéarta bréagán a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireacht agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus tagann páistí ag lorg bronntanasaí uaidh.

I gcuid mór tíortha, is ar Fhéile San Niocláis a thugtar na bronntanasaí. Ina leithéid d´áiteanna, mar san Ísiltír agus go leor den nGearmáin, fágtar gur mó d´fhéile creidimh an Nollaig féin. Ach in Éireann sa sean-saol, agus fós i dtíortha eile ar nós codanna den Ghearmáin, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas.

[athraigh] Tabhairt bronntanasaí agus cártaí

Tugtar bronntanasaí i mbeagnach gach áit ina gceiliúrtar an Nollaig. I go leor tíortha, fágann leanaí soithí folmha Oíche Nollag le go líonfadh Daidí na Nollag le féiríní beaga iad, ar nós bréagáin, milseáin nó torthaí. Sna Stáit Aontaithe, crochann leanaí stoca Nollag ar an dtinteán, mar go dtagann Daidí na Nollag anuas an simléir an oíche sin le iad a líonadh. I dtíortha eile, fágann leanaí bróga folmha amuigh ag feitheamh lena chuairt. Ach ní hé Daidí na Nollag amháin a bhronann féiríní, mar go mbíonn bronntanais ag cairde agus ag muintir dá chéile.

Tá an-tábhacht ag cártaí Nollag sna SAM, in Éirinn agus sa Bhreatain, go minic le cairdeas a choinneáil le gaolta agus le cairde i bhfad i gcéin, maille le daoine a dhéanann gnó le chéile. Tugann a lán pictiúr an chlainne leis an gcárta, agus uaireanta airgead nó nuachtlitir a thugann a n-éachtaí agus a n-aistir ar feadh na bliana.

[athraigh] Órnáidí

Déanann a lán daoine maisiú ar a gcuid tithe le crann Nollag le soilse agus órnáidí Nollag, agus crochann siad duilre agus craobhanna de chrainn a fhanann glas sa gheimhreadh, go h-áirithe cuileann agus drualus. I Meiriceá Thuaidh, agus anois sa Bhreatain agus in Éirinn, cuireann daoine go leor soilse ar an taobh amuigh dá gcuid tithe, agus iad go minic i bhfoirm fir sneachta, Daidí na Nollag agus a charáiste á tharraingt ag reinfhianna, agus íomhánna eile Nollag.

Tá ceangal fada ag an poinséitia leis an Nollaig, maille leis an gcuileann, an amaryllis agus cactais Nollag.

[athraigh] Gnéithe soisialta agus siamsaíocht

I go leor tíortha, bíonn cóisir agus damhsaí ag scoileanna, gnónna, agus ag pobail éagsúla. De ghnáth tárlaíonn siad i rith na coicíse roimh na Nollag. Bíonn drámaí Nollag ag grúpaí áirithe, mar shample le breith an linbh Íosa. Téann complachtaí amach ag canadh carúil Nollag. In Éirinn tá an nós ann dul amach ar an dreoilín lá 'le Stiofán. Déanann daoine eile obair charthannach, ar nós cuidiú le cistineacha a dhéanann freastal ar na boicht, nó ag lorg síntiúis d´eagraisí.

[athraigh] An t-am a dheintear bronntanais Nollag a thairiscint

Tugann an t-amhrán Béarla Twelve Days of Christmas i bhfios go raibh nós in áiteanna bronntanais a thabhairt 'chuile lá ó Nollaig go Nollaig Bheag. Ach níl anseo ach ceann amháin desna nósanna le bronntanais.

Sa chuid is mó den domhain, tugtar bronntanais ar oíche Nollag (24 Nollaig) nó ar maidin lae Nollag. I dtíortha ina n-aithnítear San Nioclás mar bhronntóir, déantar an bronnadh ar an 5 Nollaig nó ar an 6 Nollaig. Sa Spáinn, agus i dtíortha eile a leanann a nósanna, is iad na Trí Ríthe (nó an Triúr Eagnaithe) a thugann na bronntanais ar Nollaig Bheag. Sa Ríocht Aontaithe go dtí le gairid, tugtaí bronntanais do dhaoine lasmuigh den chlann ar Boxing Day, 26 Nollaig.

[athraigh] Bia

Ar lá Nollag, is gnáthach béile mór le miasanna Nollag ar leith a chur ar an mbord, agus tá a nósmhaireacht féin ag gach tír, nach mór. Tugtar milseáin, cnónna agus a leithéid don Nollaig go minic freisin.

[athraigh] Nósanna agus ceiliúrtha eaglasta

Tósáionn na ceiliúrthaibh eaglasta leis an Aidbhint, le feitheamh le breith Chríost, ag deireadh mí Shamhna, agus bíonn seirbhísí eaglasta ar leith dó. Bíonn carúil Aidbhinte lena linn go minic. Baintear feidhm as féilirí Aidbhinte sa cheiliúradh freisin, agus milseáin agus seacláid iontu do leanaí. Díreach roimh na Nollag, bíonn go leor seirbhísí Nollag i séipéil, ina mbíonn iomnaí Nollag agus carúil Nollag arna seinnt. I gCambridge Shasana, reachtaítear an féile Nine Lessons and Carols. Ar Oíche Nollag agus Lá Nollag, ceiliúrtar, mar shampla, Aifreann na Gine nó Aifreann Bhreith Chríost. Tagann séasúr eaglasta na Nollag chun deiridh le féile Nollaig Bhig nó Oíche Chinn an Dá Lá Déag, an lá ar thug na cuairt ar an leanbh Íosa.

Tá a leithéid de thábhacht is de shult ag baint leis an Nollaig, go gcuireann creidimh eile a bhféilte geimhridh féin ar aghaidh ina choinne. Is é an ceann is soiléire díobh seo ná Chanukah an Ghiúdachais, lena mbaineann traidisiún bronnadh sa teallach ón 20ú Aois ar aghaidh.

[athraigh] Nósanna agus ceiliúrthaí náisiúnta

[athraigh] an Ríocht Aontaithe

Sa Ríocht Aontaithe, tá an-ghlaoch ag teallaigh óga ar an bpantomime.

[athraigh] an leathchruinne ó dheas

I dtíortha na leathchruinne ó dheas, ceiliúrtar an Nollaig i gcónaí ar 25 Mí na Nollag, cé go bhfuil sé i lár an tsamhraidh acusan. Ar ndóigh, ní cosúil leis an nós sa leathchruinne ó thuaidh é seo, agus bítear ag róstadh turcaí ar an trá agus ag iompar éadaí Daidí na Nollag san Astráil uaireanta.

[athraigh] Stáit Aontaithe Mheiriceá

Imeasc na rudaí a chuireann muintir SAM suim iontu, tá an crann Nollag ollmhór agus an oighear scátála ag Láithreán Rockefeller i Nua-Eabhrac, agus na h-ornáidí Nollag sa dTeach Geal i Washington, DC. Cé gur measa an brú díolachán i SAM ná beagnach aon áit ar domhain, is gnáthach go bhfanann teallaigh go dtí Lá Tabhairt an Bhuíochais (Thanksgiving) chun tosú ag maisiú tí agus ag cur crann Nollag in airde.

[athraigh] an Áise

San tSín, is é 25 Mí na Nollag dáta sínithe Bhunreachta Phoblachta na Síne i 1947. Ceiliúrtar an saoire oifigiúil ar an lá sin go leathan ar nós na Nollag. Ghlac an tSeapáin go leathan le Daidí na Nollag an domhain iarthair lena cheiliúradh seicteach ar an Nollaig, ach is saoire níos tábhachtaí é Lá Cinn Bliana.

[athraigh] Tuaisceart agus Oirthear na hEorpa

Sa Ghearmáin agus san Ísiltír, is cosúil ceiliúradh Lá San Nioclás go luath i mí na Nollag le Nollaig domhain an Bhéarla. Tá Sinterklaasavond (tráthnóna San Niocláis) na hOllaine is níos tábhachtaí ansin ná an Nollaig, cé go bhuil cuid de mhuintir na hÍsiltíre ag ceiliúradh Oíche Nollag le Daidí na Nollag chomh maith le cupla bliain anuas. Tugann Sinterklaas, atá bunaithe ar San Nioclás na staire agus óna shíolraíonn ¨Santa¨ Shasana agus Mheiriceá, bronntanaisí sa tráthnóna ar Eanáir 5ú do gach páiste a bhí múinte. Caitheann sé éadach dearg easpaig, maraon le mitre dearg, agus déanann sé marcaíocht ar chapall bán thar mullach na dtithe, agus go leor cuiditheoirí mailíseacha leis ar a dtugtar 'zwarte Pieten' (Peadair dubha). In áiteanna sa Ghearmáin, san Ostair, agus san Eilvéis, tagann Knecht Ruprecht scanrúil freisin.

Brathann ceiliúradh na Nollag sa Ghearmáin ar an dúiche. Sa chuid is mó de na dúichí, ceiliúrtar Lá San Nioclás. Déantar mion-cheiliúradh ar Nikolaus de ghnáth. cuireann go leor leanaí búta, ar a dtugtar Nikolaus-Stiefel, lasmuigh dá ndoirse ar oíche 5 Mí na Nollaig. Sa deisceart, tugann an Christkind féiríní do leanaí ar maidin an 24ú de Nollaig, agus tugtar bronntanais eile nuair a nochtar an crann Nollag. Maidir le cúrsaí gnó, d´fhéadfaí ceantar táirgeadh bronntanasaí Nollag a thabhairt ar an Striezelmarkt, agus é ag tairiscint rudaí ar leith ó cheantar Dresden, idir chriadóireacht agus priontaí agus bianna blasta a sheoltar ar fud an domhain.


[athraigh] Teoiricí faoi bhunús dáta na Nollag

Cuireadh go leor dátaí ar aghaidh do cheiliúradh na Nollag. Ní ghlacann gach aoinne le h-aon míniúchán amháin ar an fáth a cheiliúrtar ar an 25ú lá de Nollaig í. Imeasc na dteoiricí tá siadso:

  • Tugann an alt Catholic Encyclopedia ar "Christmas" áit dúinn le tosú le stair na féile. Níl an Nollaig ar na liostaí féilte is luaithe, iadsan le Irenaeus agus le Tertullian. Tagann an fhianaise is luaithe ar cheiliúradh lae breithe Chríost ó Alexandria, timpeall 200 A.D., nuair a mheas Clement Alexandria gur thug diageolaithe Éigipteacha áirithe tomhais an-ait, ní h-amháin ar an mbliain, ach ar an lá ar a rugadh Críost.2 De réir Clement, bhíodar á lonnú ar 25ú Pachon (Bealtaine 20ú) sa 28ú bhliain de réim Augustus. Ba é Epiphany a bhí á cheiliúradh ag lucht leantha Basil, ar 15 nó 11 Tybi (Eanáir 6 nó 10). Faoi aimsear chomhairle Nicea, 325 A.D. shocraigh eaglais Alexandrian dies Nativitatis et Epiphaniae. Tháinig féile mhí na Nollag chun na hÉigipte sa 5ú Aois. San oirthear, thug muintir na hAirméine cúl láimhe do fhéile na Nollag i bhfábhar do fhéile Epiphany. I Iarúsailéim, thug Egeria, oilthire ón 4ú Aois as Bordeaux, fianaise ar cheiliúradh ar fhéile na Toirbhirte, daichead lá ó Eanáir 6ú, agus is cosúil gurb shin é an dáta a thugtaí ansin ar bhreith Chríost. Ag Antioch, is dóichí sa bhliain 386, ghríosaigh Naomh Eoin Chrysostom an pobal le comóradh a dhéanamh ar bhreith Chríost ar an 25ú de mhí na Nollag, agus is cosúil go raibh cuid den phobal á chomóradh ar an gcaoi sin le 10 mbliana ar a laghad.
  • Ghlac na céad Críostaithe le lá ar rugadh roinnte déithe págánacha, ar nós Osiris, Iúpatar, agus Plutus, nó ar deineadh ceiliúradh ar an sean-taoiseach diagúil Nimrod.
  • Glacadh le dáta na bhféilte lár-geimhridh, ar nós Yule na Gearmáine agus an féile Rómhánach Féile breithe na Gréine nár cloídh, a cheiliúrtar ar an lae i ndiaidh grianstad an gheimhridh, nó an féile Rómhánach Saturnalia.
  • Tagann sé ón traidisiún gur rugadh Íosa le linn Féile Giúdach sa Soilse (Hanukkah, an 25ú lá de Kislev agus tús Tevet). Glactar go leathan gur ionann Kislev beagnach le mí na Nollag an lae inniu. Faoin Sean Féilire Iúlach, agus scoláirí go minic ag glacadh gur rugadh Íosa sa bhliain 5 RC, bheadh an 25ú de Kislev ar an 25ú de mhí Shamhna.
  • Ar dáta Aoine an Chéasta, an lá ar cailleadh Íosa Críost, atá dáta na Nollag bunaithe. Os rud é nach luaitear an dáta ar cailleadh Íosa sna soiscéil, rinne na céad Críostaithe iarracht ar é a mheas, agus ba iad mí Márta 25ú nó mí Aibreán 6ú na tomhais a rinne siad as an bhfianaise a bhí idir lámha acu. Le dáta breith Íosa a mheas ansin, leanadar an seantraidisiún go gcailltí fáidhe an Sean Tiomna ag aois iomlán, is é sin comhaimsear a nginiúint nó a lae breithe. Rinneadar réasúnú gur cailleadh Íosa ar chomhaimsir an Incarnation (a ionchollú), agus mar sin bheadh a lá breithe naoi mí i ndiaidh dáta Aoine an Chéasta—cé acu Nollaig 25ú nó Eanáir 6ú. Mar sin, ní h-amháin nár thóg na Críostaithe dáta na Nollag ó na Págánaigh, ach tá scoláirí áirithe ag rá gur é tharla a mhalairt glan. [Féach Duchesne (1902) agus Talley (1986).]

[athraigh] Nollaig sa litríocht agus scannánaíocht

[athraigh] Ceol

[athraigh] Scannaín

  • It's a Wonderful Life (1946)
  • Miracle on 34th Street (1947, agus arís i 1994)
  • A Christmas Carol (1951)
  • The Bishop's Wife (1947)
  • Home Alone (1990)
  • White Christmas (1954)
  • Scrooged (1988)


[athraigh] Cosnótaí

  • 1 San 8ú Aois, ina chuntas Historia ecclesiastica gentis Anglorum ("Stair Eaglasta na Sasanach"), tugann an eaglasach Sasanach Bede cóip de litir ón bPápa Gríogóir I go Naomh Mellitus, a bhí ar a bhealach go Sasana chun obair misnéireachta a dhéanamh leis na hAngla-Sacsanaigh neamh-Chríostúla. Tugann an Pápa a bharúil gur éasca do phágánaigh a thiontú go dtí an Chríostaíocht má ligtear dóibh cuid desna chleachtaithe págánacha a choinneáil ina bhfoirmeacha, ach iad a athmhúnlú go spriodúil i dtreo an Aon-Dia amháin, seachas i dtreo Déithe na bpágánach (ar a dtugann an Pápa "diabhail" orthu), "sa chaoi gur, fad is a cheadaítear sásaimh poiblí dóibh, gur éasca ar féidir leo dul le faoisimh bunúis grás Dé". [1] Glacann am Pápa lena leithéid de chleachtaithe tiontaithe a bheith de réir an Bhíobla, ag rá go rinne Dia an rud céanna leis na sean Iosraelítighs agus a gcuid íobairtí págánacha.
  • 2 i Stromateis, I, xxi i P.G., VIII, 888


[athraigh] Foinsí tagartha

[athraigh] Naisc seachtracha

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com