Íosa Críost
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Íosa an duine is lárnaí sa Chríostaíocht, agus tugtar Íosa Críost air sa gcomhthéacs sin (ón Eabhrais יהושע [Yĕhošūa‘] agus an Sean-Ghréigis Χριστός [Christos]). Tugtar Íosa Nasair nó Íosa Nasarthach air freisin. Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall 6–4 RC go dtí tuairim AD 29–33 (creideann móran den lucht léinn tuata gur duine stáiriúil a bhí ann, ach ní chreideann gach duine acu é). Creideann na Críostaithe chomh maith, de réir na fianaise sna ceithre soiscéil ar iad na céad leabhair i dTiomna Nua an Bhíobla, gurb é Íosa an Meisias agus Mac Dé. I reiligiún Ioslamachas, ní creidtear gurb é Dia, ach fáidh tábhactach.
[athraigh] Saol agus teagasc de réir an Tiomna Nua
Rugadh Íosa i mBeitheal do chlann Giúdach – ba í Muire (maighdean) a mháthair, a bhí ag maireachtáil le hIósaf. De réir go leor eaglaisí Críostaíocha, níorbh é Iósaf a athair, ach gineadh Íosa le cumhacht an Spioraid Naoimh D'fhás sé suas i Nasair i nGalailí. Nuair a tháinig sé in aois fir, thosaigh sé ag obair mar chearpantóir le hIósaf. Nuair a eirí sé triocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Bhí míorúiltí curtha i gcrích freisin aige, de réir na soiscéil atá inniu againn.
Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, tháinig níos mó cur ina choinne i measc phobal agus ceannairí na nGiúdach. Cuireadh eiriceacht ina leith, agus thosaigh ceannairí na nGiúdach ar cur ina choinne níos láidre. Chuir na Farasaigh a gcuid gearáin faoi bhráid Iorua Mór, agus ar deireadh thug Iorua, an rí Giúdach a bhí faoi smacht na hImpreachta Rómhánaigh, cead é a chur faoi thrial. Ar deireadh, daoradh chun báis é, agus crochadh é ar chrois tar éis dó an chrois a iompar go Cnoc Chalbhaire, in aois a 33 bliana. Tá sé measta go raibh thart ar 3,000 lucht leanúna aige nuair a fuair sé bás.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.