Tok Pisin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nasctheanga is ea í Tok Pisin agus í á labhairt go forleathan i bPapua/sa Ghiné Nua. Tá an teanga seo bunaithe ar an mBéarla ("talk business" -> "tok pisin"), ach ós rud é go ndeachaigh teangacha bundúchasacha na háite an oiread sin i bhfeidhm ar an mblúirín Béarla seo, is ar éigean is féidir leis an mBéarlóir an teanga Tok Pisin a thuiscint gan í a fhoghlaim agus a staidéar mar a bheadh teanga neamhghaolmhar iasachta ar fad ann.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.