Johan Cruyff
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba imreoir sacair Ollainneach é Hendrik Johannes Cruijff, a bhfuil aithne air go hidirnaisiúnta mar Johan Cruyff (rugadh Amstardam, 25 Aibreán 1947). Glactar leis gur é an t-imreoir Ollainneach ba fhearr riamh. Scríobhtar a sloinne bunaidh Cruijff leis an nguta Ollainnise «ij», nach bhfuil ann i go leor teangacha eile ar nós an Béarla, Spáinnis agus Fraincis. Mar sin, scríobhadh an sloinne Cruijff go hidirnaisiúnta mar Cruyff.
[athraigh] Beathaisnéis
Chaith Cruyff a óige ag imirt le liathróid peile. Agus é 10 mbliana d'aois, tógadh isteach sa chlub Ajax Amsterdam in éineacht le 300 páiste eile. Fuair a athair bás agus é 12 bliana d'aois agus b'éigean dó éirí as an bpeil ar feadh tamaill. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair sé cara nua i gcruth choimeádaí páirce Ajax agus chabhraigh sé leis ina chuid oibre.
[athraigh] Clubanna mar imreoir
- 1964-1973: Ajax Amsterdam
- 1973-1978: F.C. Barcelona
- 1978-1979: Los Angeles Aztecs
- 1979-1981: Washington Diplomats
- 1981-1982: Levante UD
- 1982-1983: Ajax Amsterdam
- 1983-1984: Feyenoord
[athraigh] Clubanna mar bhainisteoir
- 1985-1988: Ajax Amsterdam
- 1988-1996: F.C. Barcelona